
Teachtaireacht ónar bPríomhfheidhmeannach, Margaret McCabe
“Táimid tiomanta d’iarrthóirí den chéad scoth a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu a sholáthar do réimse leathan Bord Stáit, m.sh. Boird tráchtála agus Boird neamhtráchtála, boird reachtúla, dheonacha agus comhlachtaí poiblí eile. Déanaimid é seo trí bhuíon daoine nua ina bhfuil éagsúlacht le brath a mhealladh agus leas á bhaint againn as ár stádas ar leith mar earcaitheoir san earnáil phoiblí.”

Comhairle ó Kate T Lawler, Potential Achieved, a scríobh ‘Your Experience & Expertise Matter - A Guide to Your Competency Based Interview’ [‘Tá Tábhacht ag Baint le do Thaithí agus do Shaineolas - Treoir maidir le d’Agallamh atá Bunaithe ar Inniúlachtaí’]. Scríobhadh an blag seo ar dtús do bhaill de IoD Éireann amháin.
Cosúil le cuardach a dhéanamh ar aon ról nó ar aon phost eile, cabhróidh sé go mór leat ceapachán a bhaint amach ar Bhord Stáit má dhéanann tú taighde, má fhaigheann tú tuiscint ar na réimsí atá á lorg, agus má thuigeann tú do réimse spéise agus saineolais féin.

Fógraíonn an tAire Ryan gur ceapadh Cathaoirleach nua ar Bhord Bhonneagar Iompair Éireann
Foilsíodh an t-alt seo ar an 23 Samhain 2021
Rinneadh an t-alt a uasdátú ar an 23 Samhain 2021
D’fhógair an tAire Iompair, an Teachta Dála Eamon Ryan, inniu go bhfuil sé i gceist aige an tUas. Gareth Llewellyn a cheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ). Táthar ag súil leis go dtosóidh an tUas. Llewellyn sa cheapachán cúig bliana go foirmiúil tar éis dó teacht os comhair an Chomhchoiste Iompair agus Cumarsáide de chuid an Oireachtais.