Select your language

Cosaint Sonraí

Fáilte chuig an leathanach Cosanta Sonraí do na Boird Stáit. Tá ár bpolasaithe ar fad anseo maidir le do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint chomh maith le rannán Ceisteanna Coitianta. Tá súil againn go bpléifidh aon cheist atá agat faoin réimse seo anseo.



Cáipéisí maidir leis an gCosaint Sonraí:

Ráiteas Príobháideachais an Iarrthóra

Ráiteas Príobháideachais an Bhaill Boird/an Mheasúnóra/an Fheitheora

Cód Cleachtais maidir le Sonraí Pearsanta a Chosaint

Polasaí maidir le Fianán

Sceideal faoi Thaifid a Choinneáil

Polasaí maidir le Slándáil Sonraí

Polasaí TCI

Polasaí maidir le Rochtain ar Ábhar

Foirm d'Iarratas Duine ar a S(h)onraí

 

Ceisteanna Coitianta faoin gCosaint Sonraí:


Is é is ciall leis an téarma ‘an RGCS’ ná an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí. Tháinig sé i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Tá sé mar sprioc ag an rialachán dlíthe cosanta sonraí a neartú agus a chaighdeánú do gach saoránach den AE. Beidh na rialacháin seo i bhfeidhm d’eagraíocht ar bith a rialaíonn agus/nó a phróiseálann sonraí ar son duine aonair nó do ghrúpa de dhaoine aonair. Orthu siúd atá freagrach as cloí leis na rialacháin seo tá fostaithe na heagraíochta, agus go díreach nó go hindíreach, conraitheoirí, comhairligh, gníomhairí agus tríú páirtithe a bhfuil fáil acu ar shonraí.


Táimid buíoch díobh go bhfuil muinín agaibh asainn bhur gcuid eolais a bhailiú, a phróiseáil agus a chosaint. Mar rialálaí agus mar phróiseálaí de bhur sonraí pearsanta leanfaimid orainn ag déanamh na nithe seo a leanas:

  • ár gcaighdeán láidir maidir le bainistíocht riosca a fhorbairt trí ghníomhú go freagrach agus trí thús áite a thabhairt do shlándáil do shonraí;
  • ár rialacháin, ár bpróisis agus ár gcórais a bhainistiú chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus trí dheimhniú leat go bhfuil do chuid eolais slán agus sábháilte; agus
  • ár ngnó a dhéanamh go cothrom agus go follasach agus a chinntiú go laghdaímid an baol ar thorthaí a bheith míchothrom nó aon impleacht diúltach ar a gcearta agus a saoirse.

Míníonn an Cód Cleachtais um Shonraí Pearsanta a Chosaint agus www.publicjobs.ie an chaoi a mbailímid eolas pearsanta fút, an chaoi a n-úsáidimid é agus an chaoi ar féidir leat dul i dteagmháil linn fúthu agus an chaoi ar féidir leat iad a cheartú.


Nuair a labhraímd faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí “SCP” nó “publicjobs” nó “muid” inár gCód Cleachtais um Shonraí Pearsanta a Chosaint ar an suíomh gréasáin seo, táimid ag caint faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoblí, comhlacht neamhspleách lárnach earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís, don tSeirbhís Sláinte, d’Údaráis Áitiúla, don Gharda Síochána, don tSeirbhís Príosún agus do chomhlachtaí seirbhíse poiblí eile.


Coinníonn an tOifigeach um Chosaint Sonraí súil ar an gcaoi a mbaliímid, a n-úsáidimid, a roinnimid agus a gcosnaímid do chuid eolais chun a chinntiú go gcomhlíontar do chearta. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí scríobh chuig an Oifigeach um Chosaint Sonraí, Áras na Caibidle, 26-30 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, D01 C7W6.


Bailímid eolas pearsanta uait mar seo a leanas, mar shampla:

  • nuair a chláraíonn tú ar ár suíomh gréasáin;
  • nuair a dhéanann tú iarratas go díreach nó trí chuardach feidhhmeannach;
  • nuair a bhíonn tú páirteach i gcomórtas ina mbeadh trialacha, agallaimh, imréiteach agus sannadh;

Bailímid eolas chomh maith trí na suirbhéanna a dhéanann custaiméirí dá rogha féin agus tríd an gcóras TCI. Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a mbailímid eolas ar fáil Ráiteas Straitéise do Chustaiméirí..

Úsáideann ár suíomhanna gréasáin teicneolaíocht ‘fianáin’. Giota beag téacs is ea fianán agus cuireann ár bhfreastalaí é ar do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar aon cheann dár suíomhanna gréasáin nó aipeanna. Cuidíonn siad linn a chinntiú go n-oibreoidh na suíomhanna níos fearr duit. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoinár bPolasaí Fianáin..


Seo thíos cuid den eolas a d’fhéadfaimis a bhailiú agus a choinneáil fút nuair a chláraíonn tú ar ár suíomh gréasáin nó má dhéanann tú iarratas ar chomórtas earcaíochta nó má théann tú trí phróiseas an chomórtais:

Sonraí Pearsanta:

Ainm Úsáideora* Cáilíocht is Airde
Pasfhocal * Earnáil Thionsclaíoch Reatha/Is Déanaí
UA an Iarrthóra Leibhéal Gairme
Teideal Uimhir Theileafóin Lae *
Céad Ainm * Uimhir Ghutháin Phóca
Sloinneadh * Rogha Teanga do Chumarsáid *
Seoladh Líne 1 * Rogha do Theagmháil
Seoladh Líne 2: Cuntas Fostaíochta:
Seoladh Líne 3: Ráiteas Pearsanta
Postchód Curriculum Vitae
Uimhir PSP: Litir Iarratais
Inscne Ceistneoir / Freagraí faoi Phearsantacht ar Líne
Príomhsheoladh Ríomhphoist * Sonraí faoi Mheasúnú Cóiríochta más gá
Tír * Cur síos ar scileanna agus thaithí ábhartha i réimsí ar leith
Teistiméireachtaí Torthaí agus nótaí eolais faoi d’fheidhmíocht i ngach próiseas measúnaithe
Teachtaireachtaí Téacs SMS Teistiméireachtaí

 

Má éiríonn leat i bpróiseas measúnaithe agus/nó má tá tú faoi mheas do cheapachán is féidir go mbaileoimid na nithe seo a leanas: -

Eolas faoi Shláinte agus faoi Charachtar * Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána/Eolas Imréitigh Slándála/Ráiteas Sláinte/Scrúdú Leighis
Doiciméid Aitheantais * Cáilíochtaí Bunaidh/Ballraíocht Ghairmiúil
Teistimeireachtaí ó Fhostóir/Eile Cóiríocht san Ionad Oibre más gá
Eolas Éigeantach *  


Faoin RGCS, tá catagóirí speisialta a dteastaíonn cosaintí sa bhreis uathu do phróiseáil. I roinnt cásanna, teastóidh an t-eolas seo uainn do phróiseáil nó is féidir leat é a thabhairt as do stuaim féin. Seo a leanas na cineálacha sonraí agus na cúiseanna a mbailímid iad:

Sonraí sláinte Bailímid an t-eolas seo - Lorgaímd eolas faoi shláinte uait sula moltar/gceaptar thú i bpost.
Bunús ciníoch nó eitneach Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn sonraí a bhailiú faoi do bhunús ciníoch nó eitneach chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Tuairimí polaitiúla Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn eolas a bhailiú faoi do thuairimí polaitiúla chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Creideamh nó creideamh fealsúnachta Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn sonraí a bhailiú faoi do chreideamh nó do chreideamh fealsúnachta chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Ballraíocht de cheardchuma(i)nn Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn sonraí a bhailiú faoi bhallraíocht de cheardchuma(i)nn chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Sonraí géiniteacha Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn sonraí géiniteacha a bhailiú chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Claonadh gnéis Ní bhailímid an t-eolas seo - Ní theastaíonn uainn sonraí faoi chlaonadh gnéis a bhailiú chun gur féidir leat ár seirbhísí a úsáid.
Eolas faoi mhíchumas Bailímid an t-eolas seo - Má deir tú linn go dteastaíonn cóiríocht réasúnta uait le linn an phróisis measúnaithe.


Nuair a chláraíonn tú ar publicjobs.ie nó má chuireann tú iarratas isteach, is féidir linn taifead ríomhaire a chruthú faoi d’ainm. Úsáidtear eolas a chuireann tú isteach le d’iarratas ar phost chun d’iarratas a phróiseáil. Má roghnaítear thú ón gcomórtas earcaíochta agus roghnaithe, is féidir go gcuirfí d’iarratas ar fáil do rannóg na nAcmhainní Daonna san eagraíocht ina gceaptar thú.


Forálann an Bille um Chosaint Sonraí go mbeidh próiseáil sonraí pearsanta dlíthiúil sa chás go bhfuil próiseáil dá leithéid riachtanach chun feidhm reachtúil de chuid rialálaí a chomhlíonadh. Tá údarás tugtha go reachtúil don tSCP feidhmiú mar chomhlacht lárnach measúnaithe agus roghnaithe don státseirbhís agus leis na nósanna imeachta atá riachtanach chun iarrthóirí oiriúnacha a earcú, a mheas agus a roghnú do cheapachán a chomhlíonadh (Alt 34 den Acht um Bainistíocht Seirbhíse Poiblí 2004 (Acht 2004), dá bhrí sin tá próiseáil sonraí pearsanta don chuspóir seo dlíthiúil de réir mar a bhaineann le hAirteagal 6(1) (e) den RGCS.

Tugann an Bille um Chosaint Sonraí bonn dlíthiúil maidir le “catagóirí speisialta” de shonraí pearsanta a phróiseáil chun feidhm a tugadh le nó trí achtú a chomhlíonadh. Tagann an t-eolas a bhailítear ó iarratasóirí ó “chatagóirí speisialta” de shonraí pearsanta ata leagtha amach in Airteagal 9 den RGCS agus beidh siad faoi réir ag “bosca uirlisí” de bhearta atá ceaptha chun cearta bunúsacha agus saoirse na ndaoine ar leo na sonraí a chosaint. San áireamh sa “bhosca uirlisí” tá sonraí a chriptiú agus ainm bréige a thabhairt do shonraí, cead ar leith a fháil ón duine ar leo na sonraí agus agus san áireamh tá teorainn ama i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta ábhartha a scriosadh. Ní mór go mbeadh próiseáil sonraí riachtanach agus i gcomhréir agus de réir phrionsabail cosanta sonraí lena n-áirítear sonraí a íoslaghdú - .i. nach bpróiseáiltear sonraí ach an oiread atá riachtanach do na cúiseanna go bpróiseáiltear na sonraí.


Chun ár ndualgais rialála agus dhlíthiúla a chomhlíonadh, bailímid do chuid eolais phearsanta, coinnímid é i struchtúr slán sábháilte agus coinnímid é agus cuirimid leis de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh agus scriosaimid é chomh luath agus nach gá dúinn é a choinneáil níos mó. Is féidir chomh maith go mbeadh orainn eolas fút a thabhairt chuig tríú páirtí (m.sh. soláthraithe trialacha) agus ní tharlóidh seo ach trí chainéil atá sábháilte amháin. Sula n-aistrítear sonraí chuig tríú páirtí seachtrach, cuirfear comhaontú scríofa i bhfeidhm sula n-aistrítear sonraí ar bith.

Is faoin iarrthóir féin a chinntiú go scrúdaíonn siad a bpróifíl phearsanta féin go rialta chun a chinntiú go bhfuil na sonraí cruinn agus an tSCP a chur ar an eolas más gá aon rud a cheartú murar féidir leo é a dhéanamh iad féin.


Uaireanta, is gá dúinn do chead a fháil chun d’eolas pearsanta a úsáid. Mar shampla nuair a úsáidimid eolas pearsanta íogair (a dtugtar eolas i gcatagóir speisialta air faoin RGCS) fút, ar nós sonraí a bhaineann le míchumas, iarraimid ort do chead ar leith a thabhairt dúinn. Tá rialacháin againn chun a chinntiú go gcuirtear thú ar an eolas agus tú ag déanamh do chinnidh agus go bhfuil a fhios agat gur féidir leat do chead a tharraingt siar am ar bith má dhéanann tú teagmháil linn.

Tá ár n-iarratais ar chead bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • Gníomh Dearfach - Tá gníomh soiléir dearfach riachtanach. Ní úsáidfimid boscaí atá réamh-thiceáilte, ní ghlacfaimid leis gur thug tú do chead sa chás nach bhfuaireamar gníomh dearfach uait.
  • Saorthoil - Ní mór do thoil a thabhairt de réir do thola agus gan brú ó chúinsí seachtracha.
  • Sonrach - Beimid soiléir faoi cad go díreach a dteastaíonn do chead dó.
  • Taifeadta - Coinneoimid taifead de do chead agus conas a fuarthas é.
  • Is féidir é a tharraingt siar am ar bith - Stadfaimid ag próiseáil sonraí a dteastaíonn do chead dó am ar bith a dhéanann tú iarratas bailí.


Tá dualgas ar an tSCP eolas a choinneáil ‘slán agus sábháilte’ agus bearta cuí a bheith i bhfeidhm chun cosc a chur ar rochtain ar shonraí, iad a athrú, a thabhairt amach nó a scriosadh nó go gcaillfí nó go scriosfaí iad trí thimpiste, de réir an RGCS. Tá sé fíorthábhachtach, mar sin, go mbíonn bearta agus beartais slándála i bhfeidhm chun a chinntiú nach féidir ach le baill foirne a bhfuil gá ó thaobh gnó de acu teacht ar shonraí pearsanta agus íogair ar leith. Leagann Polasaí Slándála na SCP amach na daoine ar féidir leo teacht ar shonraí pearsanta de chineálacha áirithe sa tSCP chun déileáil le sonraí pearsanta agus chun a chinntiú go bhfuil sonraí pearsanta (comhaid láimhe agus ar chórais TFC) slán. Tá nósanna imeachta ann chomh maith maidir le sonraí a aistriú chuig páirtithe eile. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Pholasaí Slándála Sonraí..

Déanann ball foirne a ainmníonn an tOifigeach um Chosaint Sonraí iniúchadh ar chur i bhfeidhm an Pholasaí seo agus is féidir go ndéanfaí iniúchadh inmheánach air chomh maith agus go gcuirfí tuairisc chuig an gCoiste Iniúchta am a bith.


Leagann an Sceideal Coinneála Taifead don tSCP amach an tréimhse choinneála d’eolas pearsanta agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm. Lorgaíodh cead ó Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta taifid leictreonacha agus fhisiceacha a scriosadh.

Iarrann an Chartlann Náisiúnta ar an tSCP comhaid a chur ar ais chucu tar éis 30 bliain. Tá sonraí pearsanta áirithe i gcomhaid na gcomórtas ag brath ar chomh fada a théann an t-iarrthóir ar aghaidh i bpróiseas an chomórtais. Coinnítear eolas áirithe faoi mharcanna na n-iarrthóirí agus coinnítear torthaí scrúdaithe chomh maith chomh fada agus atá comórtas gníomhach. Beidh iarrthóirí a théann ar aghaidh chuig an staid ghearrliostaithe san áireamh ar liosta na n-iarrthóirí a thugtar don bhord gearrliostaithe, lena n-áirítear ainm gach iarrthóra agus na róil is déanaí a bhí acu; coinneofar an measúnú a rinne baill an bhoird ar a n-iarratas. Ag staid an Agallaimh, coinnítear na nótaí do gach iarrthóir (is féidir nach dtarlóidh seo i gcás earcaíocht ina mbíonn líon mór iarratas) chomh maith le cóip de na marcanna faoi gach réimse (más cuí). Má tá iarrthóir faoi mheas do cheapachán, coinneofar cóip den mholadh sealadach a eisítear don eagraíocht fostaithe (san áireamh tá ainm, seoladh, dáta breithe, cáilíochtaí agus taithí ábhartha an iarrthóra). Coinneofar an t-eolas ar fad seo gan chríoch agus faoi dheireadh cuirfear é chuig an gCartlann Náisiúnta.


Ní chuirtear Eolas Pearsanta chuig páirtithe seachtracha ach nuair atá gá iomlán ar fad leis agus dé réir an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí. Criptítear eolas agus deirtear le custaiméirí nár chóir dóibh eolas pearsanta a chur isteach trí ríomhphost. Má fhaightear iarratas ar eolas ó iarrthóir, bailítear an t-eolas ábhartha agus déanaimid measúnú ar ár ndualgais maidir le hiarrthóirí eile. Tabharfaidh an duine(daoine) a ullmhaíonn ár bhfreagra aird ar chearta tríú páirtithe agus ar dhualgais rúndachta ar bith a d’fhéadfadh a bheith i gceist chomh maith le díolúintí ábhartha ar bith faoin RGCS. Sa chás go nochtfaí aitheantas tríú páirtithe i sonraí a bhaineann leat, is féidir go gcuirfimis an t-eolas sin faoi cheilt chun príobháideachas agus rúndacht tríú páirtithe dá leithéid a chosaint nó is féidir go dtabharfaimis cuid de na sonraí duit seachas ábhar ó fhoinsí bhunaidh.

Beidh nósanna imeachta fíordhiana i gceist do chonraitheoirí, chomhairligh agus sholáthraithe seirbhíse seachtracha (soláthraithe trialacha agus measúnaithe ar líne san áireamh) maidir le teacht ar shonraí pearsanta trí chonradh foirmiúil de réir fhorálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí. Déantar athbhreithniú agus iniúchadh ar théarmaí an chonartha agus ar na geallúintí a thugtar.

Teastaíonn uainn go dtabharfaidh na tríú páirtithe seo dóthain ráthaíochta go bhfuil na cosaintí agus an smacht riachtanach i bhfeidhm chun a chinntiú nach gcuirtear as do do chearta agus do shaoirse maidir le do shonraí.


Is féidir leat do chearta a chur i bhfeidhm trí theagmháil a dhéanamh linn trí mheán an ríomhphoist agTá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus/nó ar an teileafón ag +353 (0) 1 8587461.

Má dhéanann tú teagmháil linn faoi eolas, is féidir go n-iarrfaimis ort d’aitheantas a dheimhniú. Déantar é seo chun do chuid eolais a chosaint.

Ní féidir le do cheart eolas a fháil cur isteach ar chearta agus ar shaoirse dhaoine eile. Dá bhrí sin, ní féidir linn eolas a thabhairt faoi dhaoine eile gan cead a fháil. De ghnáth, ní bhíonn táille i gceist nuair a bhíonn tú i dteagmháil linn chun ceist a chur faoi do chuid eolais. Má cheaptar go bhfuil iarratas iomarcach nó nach bhfuil aon chúis ar bith leis, is féidir go n-iarrfaimis ort táille réasúnta a íoc as costais riaracháin sa bhreis nó is féidir linn na hiarratais a dhiúltú.

Déantar cur síos sa chuid seo thíos faoi do chearta maidir le heolas agus faoin gcaoi ar féidir linn cuidiú leat a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas faoi na cearta seo, faoin gcaoi ar féidir iad a úsáid agus faoin gcaoi ar féidir linn d’iarratas a chomhlíonadh.


Tuigeann an tSCP a cuid dualgas mar rialaitheoir sonraí atá iomlán freagrach as agus tuigimid gur gá cúram a thabhairt do na sonraí pearsanta faoinár gcúram. Tá ár ndualgais leagtha amach sa RGCS agus i reachtaíocht feidhmithe ábhartha agus eile in Éirinn.

Tá daoine a bhfuil a sonraí pearsanta i seilbh na SCP i dteideal iarraidh ar an tSCP agus deimhniú a fháil cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leo á bpróiseáil. Más mar sin atá, tá na daoine sin i dteideal teacht ar na sonraí pearsanta chomh maith leis an eolas seo thíos:

  1. Cúiseanna proiseála /li>
  2. Na catagóirí de shonraí pearsanta atá i gceist
  3. Na daoine, nó na catagóirí de dhaoine ar tugadh nó a dtabharfar sonraí pearsanta dóibh
  4. Más féidir, an tréimhse ama a cheaptar a choinneofar sonraí pearsanta agus murar féidir é sin a dhéanamh, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a shocrú
  5. An ceart a bheith ann iarraidh ar an tSCP sonraí pearsanta a cheartú nó a scriosadh nó srian a bheith le sonraí pearsanta iarrthóra a phróiseáil nó a chur in iúl go bhfuil siad in aghaidh próiseála dá leithéid
  6. An ceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí
  7. Sa chás nach mbailítear na sonraí pearsanta ón iarrthóir, aon eolas atá ar fáil faoi na foinsí
  8. Sa chás go bhfuil cinntí á ndéanamh go huathoibríoch (proifíliú san áireamh) faoi shonraí an iarrthóra, agus más cuí, eolas ciallmhar faoin loighic i gceist chomh maith leis an tábhacht agus na torthaí a mbeifí ag súil leo ó phróiseáil dá leithéid don iarrthóir
  9. Sa chás go dtugtar sonraí pearsanta do thríú páirtí, na cosaintí cuí a bhaineann leis an RGCS i dtaca le haistriú dá leithéid.


Ba chóir an t-iarratas ar shonraí a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir go leor eolais a thabhairt chun gur féidir an t-iarrthóir a aithint ar bhealach sásúil chun gur féidir linn a dheimhniú nach bhfuilimid ag scaoileadh sonraí chuig duine atá do do phearsanú. Nuair a chinntítear na critéir, beimid in ann tús a chur leis an obair a bhaineann le freagra a thabhairt ar d'iarratas. Déanfaidh an tSCP gach iarracht freagra a thabhairt chomh luath agus is féidir, ach murar féidir linn an obair sin a chríochnú taobh istigh de mhí, cuirfimid thú ar an eolas faoi dhul chun cinn maidir le d’iarratas. Ceangailte leis seo tá Foirm Iarratais Rochtana an Iarrthóra

Tabharfaidh an tSCP freagra ar bith faoi shonraí ábhartha don iarrthóir i bhformáid leictreonach. Mura dteastaíonn uait freagra a fháil ar d’iarratas i ríomhphost, abair é sin linn roimh ré. Chomh luath agus a chríochnófar freagra ar d’iarratas, déanfaimid cóip iomlán den ábhar a choinneofar dár dtaifid féin. Coinneofar an taifead seo mar thagairt má tharlaíonn aon aighneas faoi ábhar nó faoin am a thóg sé freagra a thabhairt duit. Coinneofar é ar feadh 7 mbliana.


Is féidir leat do phróifíl a cheartú am ar bith agus ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus a athraíonn do chúinsí.

Chun teacht ar do phróifíl: -

  • logáil isteach ar www.publicjobs.ie
  • Cuir isteach d’ainm úsáideora agus do phasfhocal
  • Mo shonraí pearsanta
  • Nuashonraigh do phróifíl
  • Cliceáil ar ‘Sábháil’


Is féidir go bhfuil an ceart agat srian a chur le nó a chur in iúl dúinn nach bhfuil tú sásta cead a thabhairt dúinn do shonraí pearsanta a phróiseáil. Beidh orainn do chead a fháil an t-eolas seo a phróiseáil a thuilleadh chomh luath agus a chuirtear srian leis. Is féidir leat srian le próiseáil a lorg sna cásanna seo a leanas:

  • Má tá na sonraí pearsanta míchruinn agus go lorgaíonn tú srian a chur leo a fhad is a dheimhnímid an cruinneas;
  • Má tá próiseáil do shonraí pearsanta mídhleathach;
  • Má tá tú in aghaidh na sonraí a scriosadh, ag lorg srian a chur le próiseáil ina ionad sin;
  • Má theastaíonn na sonraí uait chun éililmh dhlíthiúla a bhunú, a chleachtadh nó a chosaint ach nach dteastaíonn na sonraí uainn a thuilleadh do phróiseáil;
  • Sa chás nach n-aontaíonn tú leis an mbonn dlí agus go bhfuil srian le próiseáil go dtí go ndeimhnítear an bonn dlí.


Is féidir leat iarraidh orainn do chuid eolais phearsanta a scriosadh nó is féidir linn do chuid eolais phearsanta a scriosadh faoi na cúinsí seo a leanas:

  • nuair nach bhfuil do shonraí pearsanta riachtanach níos mó do na cúiseanna ar bailíodh iad, nó ar próiseáladh iad ar chúis eile
  • má tharraingíonn tú siar do chead sa chás nach bhfuil aon bhonn dlí eile don phróiseáil;
  • má próiseáladh na sonraí pearsanta go mídhleathach;
  • má tá sé riachtanach na sonraí pearsanta a scriosadh chun dualgas dlí a chomhlíonadh.

Ní bheidh seo i gceist má tá an tSCP ag comhlíonadh dualgas dlí nó ag déanamh taisc do leas an phobail, nó ag comhlíonadh dualgas oifigiúil, nó ar chúiseanna cartlainne nó taighde, nó maidir le héileamh dlí a chosaint.


Murar mian leat cuntas gníomhach a choinneáil, tá áis ar leathanach do phróifíle a ligeann duit do chuntas a scriosadh agus an t-eolas pearsanta a bhaineann leis a bhaint amach. Cuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ceangaltas ar iarrthóirí i ngach comórtas cuntas gníomhach a bheith acu ar publicjobs.ie Má scriosann tú do chuntas ar publicjobs.ie beidh tú ag cur in iúl go bhfuil sé beartaithe agat d’iarrthóireacht a tharraingt siar ó aon chomórtas gníomhach a bhfuil tú páirteach ann.

Chun do phróifíl a scriosadh: -

  • Logáil isteach ar www.publicjobs.ie,
  • Cuir isteach d’ainm úsáideora agus do phasfhocal
  • Mo shonraí pearsanta
  • Faigh an Rannán “Cuntas a Scriosadh”
  • Cliceáil ar an gcnaipe “Scrios Cuntas”
  • Athbhreithnigh an t-eolas ar an scáileán deimhnithe agus cliceáil ar “Deimhnigh”

NÓTA: Má scriosann tú do chuntas tá sin buan agus ní féidir é a chealú


Nuair a chuirtear san áireamh na cúiseanna do phróiseáil, beidh an ceart agat eolas pearsanta nach bhfuil cruinn a chríochnú nó a cheartú, lena n-áirítear trí ráiteas sa bhreis a sholáthar. Ba chóir duit dul i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..


Tá an ceart agat do shonraí a fháil i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go minic agus ar féidir le gléas é a úsáid agus an ceart é a aistriú chuig rialaitheoir eile ina ndéantar próiseáil go huathoibríoch agus más féidir é a dhéanamh go teicniúil.

Ní bhaineann seo le sonraí a phróiseáiltear le linn údaráis oifigiúil faoi choimirce na SCP a bheith á chleachtadh.


Ní dhéanfaidh an tSCP cinneadh measúnaithe go huathoibríoch mura bhfaightear do chead go hoifigiúil. Tá an ceart agat teagmháil a dhéanamh le duine agus do thuairim a chur in iúl.


Má tá gearán agat faoi d’eolas pearsanta a bheith á úsáid, cuir sin in iúl do bhall foirne de chuid na SCP, ag tabhairt deis dóibh rudaí a cheartú chomh luath agus is féidir. Más mian leat gearán a dhéanamh, is féidir leat é sin a dhéanamh i bpearsa, i scríbhinn nó trí ríomhphost. Fiosróimid gach gearán a fhaighimid go hiomlán. Is féidir leat gearán a dhéanamh trínár nOifig, ar an teileafón, trí ríomhphost nó i bpearsa. Iarraimid ort an oiread eolais agus is féidir a thabhairt le cuidiú le do ghearán a réiteach go sciobtha. Ba chóir duit dul i dteagmháil le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is féidir leat dul i dteagmháil chomh maith le hOifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí in Éirinn, trí úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála thíos:

  • Téigh chuig a suíomh gréasáin www.dataprotection.ie.
  • Ríomhphost Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
  • Teil: 00 +353 (0)57 8684800 nó 00 +353 (0)104 800
  • Scríobh chuig Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí, Cearnóg Fitzwilliam, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28, nó An Oifig um Chosaint Sonraí, Canal House, Bóthar an Stáisiúin, Cúl an tSúdaire, Co. Laoise, Éire R32 AP23


Déanfaimid athruithe ar an bhfógra seo ó am go ham, go háirithe nuair a athraímid an chaoi a n-úsáidimid do chuid eolais, agus nuair a athraímid ár dteicneolaíocht agus ár dtáirgí. Is féidir leat an leagan is déanaí den fhógra seo a fháil ar an suíomh gréasáin seo ag www.publicjobs.ie/en/data-protection, nó is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóipeáil.